Cursaí Gaeilge in Ollscoileanna na hÉireann- Seachtain na Gaeilge 2020

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus ar fud na cruinne gach bliain. Tugann an ceiliúradh seo deis dúinn aird a tharraingt ar iarrachtaí na hollscoileanna an Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn, chomh maith le haird a tharraingt ar na cúrsaí a bhíonn á thairiscint trí Ghaeilge, chun an chéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge a spreagadh agus a mhúineadh.

Beidh an Ghaeilge ina theanga iomlán oibre de chuid an Aontais Eorpaigh ag tús mhí Eanáir na bliana 2022, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeimid ag soláthar céimithe le hinniúlacht sa Ghaeilge i réimse disciplín ón dlí go dtí an iriseoireacht

Labhair muid lena Cinn Roinne agus Léachtóirí ar chuid de na cúrsaí seo inár seacht n-ollscoil le hábhar na gclár seo agus an tábhacht a bhaineann le cáilíochtaí tríú leibhéal i nGaeilge a phlé.

Seachtain na Gaeilge (Irish Language Week) is an annual Irish language festival that happens in Ireland and all over the world, and is the biggest celebration of our native language and culture. This celebration offers us an opportunity to highlight the work of our universities in promoting and developing the Irish language, as well as highlighting the courses delivered through Irish, to encourage and teach the next generation of Irish speakers.

Irish is to achieve full official working status in the EU in 2022, meaning it is now more important than ever we are producing graduates who have fluency in Irish across a range of disciplines, from law to journalism.

We spoke to the Heads and Lecturers of some of these courses in our seven universities to see what these programmes offer and the importance of offering third-level qualifications through Irish.

DCU: BA sa Gaeilge, Iriseoireacht agus Meáin Dhigiteacha
(BA Irish, Journalism and Digital Media)

Déan forbairt ar do chuid scileanna Gaeilge, ar an eolas atá agat ar na meáin agus foghlaim conas na cumais sin a nascadh agus gairm a bhaint amach in earnáil na hiriseoireachta. Bain leas as áiseanna, foireann agus as treoir Fiontar & Scoil na Gaeilge, agus an Scoil Cumarsáide.

Cuideoidh an cúrsa Gaeilge agus Iriseoireacht leat forbairt a dhéanamh ar do chuid scileanna praiticiúla iriseoireachta agus cumarsáide; ar an tuiscint atá agat ar na meáin dhátheangacha; agus ar an líofacht agus cruinneas atá agat sa Ghaeilge. Chomh maith leis sin beidh deis agat tabhairt faoi shocrúchán oibre trí mhí i ról cumarsáide / meáin in eagras poiblí nó príobháideach.

Cultivate your Irish-language skills and your media savvy, and learn how to unite your aptitudes in a career in communications. Avail of the facilities, staff and course guidance of both Fiontar agus Scoil na Gaeilge and the School of Communications.

The Irish and Journalism course will help you develop your practical journalistic and media skills; your knowledge and understanding of bilingual and Irish-language media; and your fluency and accuracy in Irish. You’ll also have the opportunity for a three-month work placement in a communications/media role, in either a public or private organisation.

“Is iontach an cúrsa é Gaeilge, Iriseoireacht agus na Meáin Dhigiteacha, dar liom. Tá béim ar scileanna praiticiúla agus cruthaitheacha san iriseoireacht agus sna meáin, cuireann mic léinn aithne ar an fhoireann agus ar a gcomhscoláirí sna ranganna beaga agus tá áiseanna den scoth ar fáil dóibh. Is cúrsa ar leith é seo, a ligeann do mhic léinn deiseanna a thapú in earnáil na meán Gaeilge, earnáil fhuinniúil a bhfuil borradh fúithi.”

“I think Gaeilge, Iriseoireacht agus na Meáin Dhigiteacha is an excellent course due to its focus on practical journalistic and creative media skills. Students get to know staff and classmates quickly with small-group teaching and have access to first-class facilities. This is a unique course in Ireland, opening doors to job opportunities in a growing, dynamic Irish-language media sector.”

— Dr Caoimhe Nic Lochlainn | Ollamh Cúnta, DCU

Cuireann Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad cúrsaí roghnacha sa  Ghaeilge ar fáil do mhic léinn lánaimseartha na hOllscoile trí ILASP.  Is bealach iontach é seo do mhic léinn ó chúlraí acadúla éagsúla cur lena gcáilíocht ollscoile fad is atá siad fós ag staidéar go lánaimseartha.   Bíonn na ranganna seo beag, bíonn an t-ábhár teagaisc suimiúil agus spreagúil agus cuirtear an bhéim ar an gcumarsáid shoiléir éifeachtach.  Cuirtear na cúrsaí seo ar fáil ar chostas laghdaithe agus bíonn an deis ag rannpháirtithe Scrúdú Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) a dhéanamh ag deireadh an chúrsa.  Aithnítear cáilíochtaí TEG go forleathean -An Roinn Oideachais agus Scileanna, na coláistí oideachais, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, Óstaí an Rí agus eagraíochtaí eile nach iad.

The Maynooth University Centre for Irish Language offers optional courses in Irish language to fulltime students of the university through its Irish Language for All Students Programme (ILASP).  This is a great way for students of all disciplines to supplement and enhance their university qualification while still in full-time education. Classes are small, teaching materials are interesting and engaging and the focus is on clear effective communication. Courses are offered at a greatly discounted rate and participants are given the option of taking a Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) exam at the end of their course. TEG Irish language qualifications are recognised by the Department of Education and Skills, Colleges of Education, the Public Appointments Service and King’s Inns and others.

“Tá méadú as cuimse tagtha ar an spéis atá ag mic léinn sna cúrsaí Gaeilge seo le roinnt blianta anuas. Caithfidh mic léinn ar mhian leo an MGO sa Bhunoideachas a dhéanamh tar éis na céime scrúdú cainte TEG  B1 a dhéanamh anois sula gcuireann siad isteach ar an MGO.  Tá na scrúduithe seo ar siúl faoi láthair agus tá thart ar 800 duine ag dul faoi scrúdú.  Cabhraíonn cúrsaí ILASP leis na mic léinn ullmhú don scrúdú seo. Tá go leor deiseanna amuigh ansin faoi láthair do dhaoine a bhfuil caighdeán ard sa Ghaeilge acu.  Chomh maith leis na bunscoileannna agus meánscoileanna lán Ghaeilge, bíonn deacrachtaí ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, na heagraíochtaí Gaeilge, agus na meáin chumarsáide Ghaeilge céimithe ó chúlraí acadúla éagsúla leis na scileanna teanga cuí a earcú.  Tá súil againn go gcabhróidh ILASP an bhearna sin a líonadh.”

“There has been a great surge of interest in ILASP in the last few years. Graduates who hope to apply for the PME in Primary Education are now required to take the TEG B1 oral exam prior to applying for the PME and we are currently running those exams for about 800 candidates nationwide. ILASP helps students to prepare for that exam. There are lots of opportunities for graduates who are proficient in Irish. As well as our Irish-medium schools at both levels, the Public Appointments Service, Irish language organisations and Irish language media struggle to find graduates of various disciplines with the language skills they need to fill their vacancies. We hope that ILASP and TEG will help to fill that gap.”

— Aisling Ní Bheacháin | Comhordaitheoir, Lárionad na Gaeilge, MU

NUI Galway: BA sa Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin
(BA Irish and Translation Studies)

Mar gheall ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil san AE, agus na dualgais atá ar eagraíochtaí stáit in Éirinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá an-éileamh anois ar dhaoine a bhfuil cáilíocht aitheanta aistriúcháin acu. Le teacht i dtír ar na deiseanna sin, déantar staidéar sa chlár seo ar dhá ábhar a bhfuil gaol nádúrtha acu lena chéile (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin) in aon chéim ollscoile amháin trí Ghaeilge – an t-aon chúrsa fochéime in Éirinn ina bhfuil Léann an Aistriúcháin le fáil mar ábhar iomlán. Caitheann mic léinn Bliain 3 den chúrsa céime seo ar shocrúchán oibre agus iad ag obair le heagraíocht atá ag feidhmiú trí Ghaeilge, eagraíocht atá ag plé le cur chun cinn na teanga nó le comhlacht/gnólacht aistriúcháin. An-deis í an bhliain bhreise seo chun taithí a fháil ar shaol na hoibre agus aithne a chur ar dhaoine sa réimse oibre a mbeidh siad ag obair ann amach anseo.

As a result of the status of Irish as an official EU language, and the obligations on state bodies in Ireland under the Official Languages Act, great demand exists for people with a recognised qualification in translation. To capitalise on these opportunities, this programme offers two subjects closely related to each other (Irish and Translation Studies) in one university degree through Irish – the only undergraduate degree in the country featuring Translation Studies as a full subject. Our students spend their entire 3rd year on a work placement, working with an organisation operating through Irish, a language promotion organisation or a translation body/company. This additional year is a great opportunity to experience the world of work and make valuable contacts in the sector where they hope to work in the future.

“Is iontach an rud é a bheith ag teagasc ar chlár ollscoile atá i gceartlár an aonaigh ó thaobh deiseanna fostaíochta de. Tugann sé an-sásamh dúinn go bhfuil ag éirí leis an oiread sin dár gcéimithe poist mhaithe a fháil in earnáil an aistriúcháin nó in eagraíochtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge.”

“It’s fantastic to be teaching on a university programme leading to so many high-quality employment opportunities. It gives us immense satisfaction that so many of our graduates succeed in getting good jobs in the translation industry and in organisations operating through Irish.”

— Eoin Ó Droighneáin | Riarthóir an Aonaid Aistriúcháin agus Ateangaireachta, NUI Galway

Tugann an chéim sa Luath- agus Nua-Ghaeilge traenáil do mhic léinn le stáidéar criticiúil a dhéanamh ar theanga, litríocht agus cultúr na hÉireann agus na hAlban ón tréimhse is luaithe go dtí an lá atá inniu ann. Déantar staidéar ar réimse leathan téacsanna agus údar, agus cuirtear bunscileanna na hanailíse teangeolaíche agus liteartha os comhair na mac léinn, chomh maith le gnéithe den stair shóisialta, paileagrafaíocht, béaloideas agus focleolaíocht chomparáideach.

Bíonn go leor deiseanna ag mic léinn ábhair staidéir a roghnú sa chéim sa Luath- agus Nua-Ghaeilge. Tá fáilte roimh mhic léinn na dara bliana modúl a roghnú sa Teangeolaíocht nó ón Churaclam Leathan. I mblianta na céime (Bliain 3 agus 4), roghnaítear 4 mhodúl Nua-Ghaeilge ó liosta roghanna gach bliain. Athraíonn na roghanna seo ó bhliain go bliain agus bíonn réimse leathan topaicí ar fáil. Is féidir le mic léinn leathbhliain a chaitheamh ag déanamh staidéir ar an Luath-Ghaeilge thar lear chomh maith.

Early and Modern Irish provides students with a training in the critical study of the language, literature and culture of Ireland and Gaelic Scotland from the earliest period from which records are extant down to modern times. A wide range of texts and authors is studied and students are introduced to the basic skills of linguistic and literary analysis as well as to the elements of social history, palaeography, folklore and comparative philology.

Students have many opportunities to choose their own areas of study within the Early and Modern Irish degree. Senior freshman students may take a module in linguistics or from the broad curriculum programme. In both the junior and senior sophister years, four Modern Irish modules are chosen from a list of options. These options change from year to year and a wide variety of topics are on offer. Students may also spend a semester studying Early Irish abroad in one of our partner universities.

“Caithfidh an Luath-Ghaeilge solas duit ar cheann de na litríochtaí meánaoiseacha is forleithne i dteanga dúchasach san Eoraip agus cuirfidh sé an bonn is leithne agus is láidre faoi aon staidéar ar an ‘gCeiltis’ mar bhall de chlann teangacha na hInd-Eorpaise. Tugann an Nua-Ghaeilge suas thú ansin ó Fhilíocht na Scol go litríocht an lae inniu agus caint bhríomhar na ndaoine. Gheobhaidh tú deiseanna iontacha scoláireachta agus gairmiúla, sa bhaile agus ar fud na cruinne, as do chéim sa Luath- agus Nua-Ghaeilge.”

“Early Irish opens the door to one of the most extensive of the medieval vernacular literatures of Europe and provides the earliest and most extensive platform for the study of ‘Celtic’ as a member of the Indo-European language family. The Modern Irish component then brings you through from Classical Irish Poetry to contemporary literature and the modern day spoken language. Your degree in Early and Modern Irish will present you with wonderful learning and career opportunities, at home and globally.”

— Prof Damian McManus | Stiúrthóir an Chúrsa, TCD

UCC: MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa (MA in Irish and European Law)

Tá an MA sa Ghaeilge agus i nDlí na hEorpa dírithe ar chéimithe sa dlí, nó ar dhaoine a bhfuil cáilíochtaí eile acu sa dlí, a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu agus ar mhian leo an caighdeán sin a ardú. Chomh maith le modúil láir sa Ghaeilge agus sa Dlí, beidh deis ag mic léinn tabhairt faoi mhodúil roghnacha i nDlí na hEorpa agus i dteangacha eile de chuid na hEorpa, chomh maith le dianchúrsa Gaeltachta.

The MA in Irish and European Law is focused graduates in law, or people with qualifications they have a good standard of Irish and who wish to raise that standard. In addition to central modules in Irish and Law, there will be students have the opportunity to undertake optional modules in Law. European and other European languages, as well well with an intensive Gaeltacht course.

“Beidh lánstádas ag an nGaeilge mar theanga oibre de chuid an Aontais Eorpaigh faoin mbliain 2022 agus dá bharr sin, tá go leor post ar fáil in institiúidí an Aontais do chéimithe dlí a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu. Tugann an MA sa Gheailge agus i nDlí na hEorpa deis do mhic léinn barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge, cur lena dtuiscint ar an dlí agus staidéar a dhéanamh ar an tríú teanga Eorpach. Táimid ag glacadh le hiarratais don mbliain acadúil 2020-21 anois.”

“Irish will have full status as a working language of the European Union from 2022 and as a result of this, there are plenty of employment opportunities for law graduates who have a high level of fluency. The MA in Irish Language and European Law allows students to improve their Irish, further their study of law and study a third European language. We are currently accepting applications for the academic year 2020-21.”

— Dr Sile Ni Mhurchu | Léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge UCC

UCD: BCL sa Dlí agus Gaeilge (BCL Law and Irish)

Is cúrsa uathúil é an BCL Dlí le Gaeilge i UCD. Taobh leis na gnáthchúrsaí dlí, a dhéantar trí mheán an Bhéarla i Scoil Dlí Sutherland, UCD, tá réimse leathan modúil Ghaeilge ar fáil do mhic léinn i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, ina ndírítear ar labhairt agus scríobh na Gaeilge, ar an aistriúchán, agus ar ghnéithe éagsúla de stair agus de litríocht na Gaeilge. Is trí Ghaeilge a dhéantar gach cúrsa acu seo agus bíonn tréimhsí staidéir sa Ghaeltacht mar chuid éigeantach de na modúil teanga freisin.

Sa tríú bliain, gheobhaidh mic léinn an deis uathúil dul i mbun staidéir in Ollscoil Concordia, Montréal, ar feadh seimeastair. Tá cáil dhomhanda bainte amach ag Scoil an Léinn Éireannaigh, Concordia, as ucht fheabhas an taighde agus an teagaisc inti, agus gheobhaidh mic léinn an deis dul i mbun staidéar ar an dlí i gcomhthéacs náisiúnta dátheangach eile i gCeanada, mar a bhfuil an Béarla agus an Fraincis ina dteangacha oifigiúla.

Ní hamháin go bhfaighidh an duine a thugann faoin gcúrsa seo cáilíocht ghairmiúil sa dlí, ach gheobhaidh sé nó sí deis na scileanna Gaeilge a fhorbairt agus a thabhairt go barr feabhais a bheidh ag teastáil chun dul i mbun oibre san iliomad earnálacha, idir in Éirinn agus thar lear.

The Law with Irish BCL is a unique course in UCD. Along with the usual legal courses, which are conducted through the medium of English in the Sutherland School of Law at UCD, there are a wide range of Irish language modules available to students in the School of Irish, Celtic Studies and Folklore, which focus on speaking and writing, Irish, translation, and various aspects of Irish history and literature. All of these courses are conducted through Irish and study periods in the Gaeltacht are also a compulsory part of the language modules.

In the third year, students will have the unique opportunity to study at Concordia University, Montreal, for a semester. The School of Irish Studies, Concordia, has a world-class reputation for research and teaching, and students will be given the opportunity to study law in another national bilingual context in Canada, where English and French are the official languages.

Not only will the person undertaking this course gain a professional qualification in law, but he or she will be given the opportunity to develop and bring to the best the Irish language skills required to work in many sectors, both in Ireland and abroad.

“Baineann an-tábhacht leis an gcúrsa seo, lena chinnteofar go mbeidh dlíchleachtóirí againn a chosnóidh cearta teanga phobal na Gaeilge in Éirinn, agus go mbeidh aistritheoirí agus dlítheangeolaithe oilte ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, mar a bhfuil an Ghaeilge ina teanga oibre oifigiúil.”

“This course is of the utmost importance, as it insures that we will have legal practitioners to defend the language rights of the Irish-speaking public at home, while also providing expert translators and lawyer-linguists for the institutions of the European Union, where Irish is a full official working language.”

— Dr Cathal Billings | Ollamh Cúnta; Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge UCD

University of Limerick: Léann na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh
(Irish Language and Literature, University of Limerick)

Is féidir staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge in Ollscoil Luimnigh mar chuid d’ocht gcéim éagsúla:

  • BA sna hEalaíona;
  • BA i dTeangacha Feidhmeacha;
  • LLB sa Dlí;
  • BA sna hEalaíona Taibhithe;
  • BA sa Léann Eorpach;
  • BA san Iriseoireacht agus sna Meáin Úra
  • BSc Corpoideachas
  • BEd sna Teangacha.

Fágann na roghanna sin ar fad éagsúlacht agus ilghnéitheacht i measc na mac léinn, agus cuireann siad aithne ar chuid mhór daoine san Ollscoil mar gheall air sin. Tá breis agus 450 mac léinn náisiúnta agus idirnáisiúnta i mbun an ábhair, rud a fhágann gurb í an Ghaeilge ceann de na hábhair is mó fás i nDámh na nDán. Cuireann an fhoireann teagasc agus taighde d’ard-chaighdeán ar fáil. Tá spéis acu i ngach gné de Léann na Gaeilge agus is speisialtóirí iad sa Nua-Litríocht, sa Bhéaloideas, san Ainmeolaíocht agus sa Nua-Ghaeilge Mhoch.

Irish may be studied as a subject on eight different degree programmes in the University of Limerick:

  • BA (Arts);
  • BA in Applied Languages;
  • LLB in Law;
  • BA in Performance Arts;
  • BA in European Studies;
  • BA in Journalism and New Media;
  • BSc Physical Education;
  • BEd Languages.

These various options mean that the subject is taken by a diverse cohort of people, giving them the opportunity to get to know students from all over campus. Over 450 students, both national and international, are currently studying Irish, making it one of the fastest growing subjects in the Faculty of Arts. Staff provide high-quality teaching and produce world-leading research. They are interested in all areas of Irish, including particular areas of specialisation in Modern Literature, Folklore, Onomastics, and Early Modern Irish.

“Baineann mic léinn na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh caighdeán an-ard amach sa teanga, idir labhairt agus scríobh, mar aon le scileanna anailíse, agus dá bharr sin bíonn deiseanna maithe acu tar éis na céime i gcúrsaí fostaíochta agus i gcúrsaí taighde. Cuid lárnach den chéim iad an dá sheimseastar taobh amuigh den champas, ceann a chaitear i mbun taithí oibre agus ceann eile ar tréimhse staidéir thar lear é. Is foireann óg bhríomhar muid agus cuireann muid an-aithne ar na mic léinn, rud a chuireann go mór leis an atmaisféar sna léachtaí agus sna ranganna.”

“Students of Irish in UL achieve an exceptionally high standard in the language, both written and spoken, in addition to developing critical analytical skills that are highly sought after by employers. For this reason, our students have excellent prospects after their degree. A central aspect of the programme are the two semesters spent off-campus, six months gaining valuable work experience and six months on a study-abroad period. Our staff are young and highly dedicated and we get to know our students very well. This creates a good atmosphere in lectures and classes.”

— Dr Gordon Ó Riain | Léachtóir & Ceann Ábhair, Léann na Gaeilge, UL

Ends.

For more information contact
Kate Wood, Communications Officer, Irish Universities Association 01 676 4948

Or for further information about the courses featured in this piece please contact the person named here.

Dr Caoimhe Nic Lochlainn | Ollamh Cúnta, DCU

Aisling Ní Bheacháin | Comhordaitheoir, Lárionad na Gaeilge, MU

Eoin Ó Droighneáin | Riarthóir an Aonaid Aistriúcháin agus Ateangaireachta, NUI Galway

Prof Damian McManus | Stiúrthóir an Chúrsa,BA sa Luath- agus Nua-Ghaeilge, TCD

Dr Sile Ni Mhurchu | Léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge UCC

Dr Cathal Billings | Ollamh Cúnta; Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge UCD

Dr Gordon Ó Riain | Léachtóir & Ceann Ábhair, Léann na Gaeilge, UL